Mark 15:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is mar an gcéudna a dubhradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe ré chéile ag fonámhad fáoi, Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní héidir leis é féin dfóirighin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar an gcéadna do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag magadh faoi, agus iad ’g‐a rádh le n‐a chéile, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar an nós céanna bhí na hardsagairt ag labhairt air le chéile go magúil agus na scríobhaithe leo, agus dúirt siad, “Tharrthaigh sé fir eile; ní fhéadann sé é féin a tharrtháil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. «Shaor sé daoine eile,» a deiridís, «ní féidir leis é féin a shaoradh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh.