Mark 15:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tigeadh Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroich, do chum go bhfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do crochadh na fhochair tugadr aithis dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tigeadh an Críost, Rí Israel, anuas de’n chroich anois go bhfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do bhí d’á gcéasadh i n‐éinfheacht leis, thugadar masla dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tuirlingíodh an Críost sin, tuirlingíodh an Rí sin Iosrael den chrois seo, go bhfeicimid é agus go gcreidimid ann.” Agus níl go fiú na díse a céasadh ina chuideachta nár thug achasán dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.» Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí dá gcéasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú freisin.