Mark 15:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rioth fear dhíobh agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó; féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do rith duine aca, agus do líon sé sponnc de bhínéagra. Agus do chuir sé ar ghiolcach é, agus thug sé le n’ól dó é, agus adubhairt, Fan, feicimís an dtiocfaidh Élias le n‐a thógáil anuas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus rith duine acu go dtí é gur líon spúinse dʼfhínéagar, agus gur chroch ar ghiolcach é gur thug dó le n‑ól é, agus dúirt sé, “Fan go fóill go bhfeicimid an dtiocfaidh Elía lena scaoileadh anuas.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: «Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é a thógáil anuas.”