Mark 15:43 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Táinic, Ióseph ó Arimatéa, comhairleach onórach, agá raibh fós súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeachd go dána dionnsuighe Phíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
tháinig Seosamh ó Arimatéa, cómhairleoir cóir, onórach, fear do bhí ag súil le ríoghacht Dé; agus do chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
bhi sé de chroí ag Iósaf Arimatéach, duine dearscnaithe a bhí ina bhall den chomhairle, a bhí freisin ag tóraíocht ríocht Dé, a mhisneach a mhúscailt, agus dul chuig Píoláid, agus corp Íosa a iarraidh air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Pioláit agus d' iarr corp Íosa air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air.