Mark 15:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí neach áirighe dar bhainm Barabbas, ceangailte a bhfochair a chompánach ceannairce, noch do rinne marbhadh a gceannairc.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí duine darbh ainm Barabbas ceangailte mar aon leo‐san do rinne ceannairc, daoine do rinne dúnmharbhadh sa gceannairc.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí fear arbh ainm dó Barabas i measc an lucht ceannairce sa phríosún a rinne dúnmharú le linn na ceannairce.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dún-mharú déanta acu sa cheannairc.