Mark 16:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh: A táthaói ag iarruidh Iósa Nasardha, do céasadh: do éirigh sé; ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar cuireadar é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean leo, Ná bíodh eagla oraibh: atá sibh ar lorg Íosa Nasardha, an té do céasadh: d’éirigh sé; ní fhuil sé annso; féachaidh an áit ’n‐ar chuireadar é!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé leo: «Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D' éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. Dʼéirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.