Mark 2:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼéirigh sé, agus dʼardaigh sé an tsráideog agus dʼimigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d' imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: «Ní fhacamar a leithéid seo riamh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼéirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus dʼimigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia dá rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”