Mark 2:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag gábháil thairis dó, do chonnaic sé Lébhi mac Alfaéuis ’n‐a shuidhe ag bórd an chustuim, agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éirigh seisean agus do lean sé é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh, chonaic sé Lébhi mac Alfaeus ina shuí in oifig na cánach, agus ar seisean leis, “Lean mise.” Agus dʼéirigh sé agus lean sé é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: «Lean mise.» D' éirigh seisean agus lean sé é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” Dʼéirigh seisean agus lean sé é.