Mark 2:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tarla, an tan do shuigh Iósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mórán puiblicán agus peacach fós ma ráon ré Hiósa agus ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran, agus do leanadar é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tarla, nuair do shuidh sé chum bidh ’n‐a thigh‐sean, gur shuidh mórán poibleacán agus peacach i gcuideachtain Íosa agus a dheisceabal: óir do bhí a lán aca ann agus iad ’g‐a leanamhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a shuigh sé chun boird ina theachsan bhí mórán bailitheoirí cánacha agus peacach ina suí i gcuid­eachta Íosa agus i gcuideachta a dheisceabal; óir bʼiomaí sin duine a lean é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh dá leanúint.