Mark 2:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do throisgeadar deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach, agus nach déunid do dheisciobailsi trosgadh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí deisceabail Eoin agus na Fairisínigh ag déanamh troscaidh: agus thángadar‐san agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí deisceabail Eoin agus na Fairiséigh ag troscadh, agus tháinig daoine ag fiafraí de, “Cad chuige a bhfuil deisceabail Eoin agus na Fairiséigh ag troscadh, agus gan do chuidse deisceabal a bheith ag troscadh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí troscadh á dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine á rá leis: «Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí troscadh dá dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine dá rá leis: “Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”