Mark 2:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an fhir núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair, ní fhéidir leo trosgadh do dheanamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht na bainise troscadh do dhéanamh fad is bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a measc? fad is bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair, ní féidir leo troscadh do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le lucht na bainise bheith ag troscadh agus an fear nuaphósta ina gcuideachta? Chomh fada agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta, ní féidir leo troscadh a dhéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear a bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh.