Mark 2:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní chuireann aon duine fíon úr i seithibh críona: má chuireann, brisfidh an fíon úr na seithí, agus caillfear an fíon mar aon leis na seithibh: acht curtar fíon úr i seithibh nua.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní gnách le haon duine fíon úr a chur isteach i seanseithí; mar má dhéanann féin, is amhlaidh a phléascfaidh an fíon na seithí, go gcailltear idir fhíon agus sheithí; ach is do sheithí úrleathair an fíon úr.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!”