Mark 2:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhrigh nár bhéidir léo teachd a ngar dhó ón tslúagh, do nochadar mullach an tighe an a raibh sé: agus ar na pholladh dhóibh, do léigeadar sios lé téudibh an leabuibh ann a raibh na pairilisi na luighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus, de bhrigh nárbh fhéidir dhóibh teacht i ngar dó mar gheall ar an sluagh, do nochtadar bárr an tighe i n‐a raibh sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raibh an fear pairiliseach ’n‐a luighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair nár fhéad siad druidim leis tríd an slua, thóg siad an ceann den teach a bhí os a chionn; agus nuair a bhí oscailt déanta acu ann, lig siad anuas an tsráideog sin a raibh an pairiliseach ina luí uirthi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí uirthi.