Mark 3:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
óir is iomaí duine a bhí leigheasta aige, ionas go mbíodh an dream a mbíodh aicídí orthu ag brú isteach air le cuimilt leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.