Mark 4:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireadh, an síol, a bhfearann chlochach; nocha, éisdeas an bhriathar, agus ghabhus chuca í do láthair maille ré gáirdeachus;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an gcuma chéadna, na daoine gur cuireadh an síol i n‐áiteannaibh clochacha ionnta, is iad‐san na daoine ghlacas chuca an briathar ar an láthair le h‐áthas nuair a chloiseas siad é;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an gcéanna don mhéid a shíoltar ar thalamh creagach, a ghlacas gan mhoill leis an mbriathar agus lúcháir orthu roimhe nuair a chluineas siad é;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é,