Mark 4:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd téid rochúram an tsáoghail so, agus mealltóireachd an tsaidhbhris, agus míanghus na neitheadh eile a steach, agus tachduid an bhríathar, agus bhí sé neamhthorach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht tig cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris, agus an‐dúil i neithibh eile isteach ionnta, agus tachtaid‐sean an briathar, agus ní thugann sé aon toradh uaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach go dtagann cúram an tsaoil, agus áilíos an tsaibhris, agus mianta faoi nithe eile isteach iontu go dtachtann siad an briathar, agus ní thugann sé toradh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.