Mark 4:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, An dtig an choinneal dá cur fáoi bhéul soighthigh, nó fáoi leabuigh? An né nach do chum go gcuirfidhe a gcoinnléoir í?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, An dtugtar an lóchrann isteach chum go gcuirfidhe é fá bhéal soithigh, nó fá’n leabaidh? an é nach gcurtar é ar choinnleoir?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé leo, “An dtugtar lampa isteach lena chur faoi bhéal soithigh, nó faoin leaba, agus gan a chur in airde?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfear faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur?