Mark 4:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do labhair sé an bhríathar ríu a mórán dá leithéidibh sin do chosmhalachdaibh, do réir mar do béidir léo a chloisdin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is iomdha samhlaoid eile de’n tsórt sin i n‐ar labhair sé an briathar leo, de réir mar do b’fhéidir leo éisteacht leis:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is i mórán fáithscéalta den sórt sin a labhraíodh sé an briathar leo, de réir mar a dʼfhéadaidís éisteacht leis;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d' fhéad siad éisteacht leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a dʼfhéad siad éisteacht leis.