Mark 4:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfágbháil an choimhthionóil, rugadar eisean mar do bhí sé ann sá luing. Agus do bhádar fós longa beaga eile na fhochair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag fágáil an tsluaigh dhóibh, thugadar leo é, mar do bhí sé, sa mbád.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhág siad an slua ina ndiaidh agus thug siad leo é, díreach mar a bhí sé, sa bhád. Agus bhí báid eile ina chuideachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile dá thionlacan.