Mark 4:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe dhósan, tug sé achmhnsan don gháóith, agus a dubhairt sé ris an bhfairge, Coisg, bí balbh. Ann sin do chíuinaigh an gháoth, agus do bhí súaimhneas mór ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh sé ’n‐a dhúiseacht, agus do bhagair sé ar an ngaoith, agus adubhairt sé leis an bhfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ghaoth, agus do bhí ciúnas mór ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dhúisigh sé agus bhagair sé ar an ngaoth, agus dúirt sé leis an bhfarraige, “Fan socair suaimhneach!” Agus stad an ghaoth agus bhí ciúnas mór ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: «Éist, bí socair!» Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: