Mark 4:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh eagla mhór íadsan, agus a dubhradar ré cheile, Cía hé an fear so, agá ndéanann an gháóth féin, agus an fhairrge fós úmhlachd dó?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghabh eagla an‐mhór iad, agus adubhradar le chéile, Cia h‐é seo, go n‐umhluigheann gaoth agus fairrge dhó?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí siad lán de dhianeagla, agus iad á rá lena chéile, “Cé hé seo, a ngéilleann gaoth agus farraige dó?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: «Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”