Mark 5:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tug Iósa cead dóibh ar an mball. Agus ar ndul a mach do na spioradaibh neamhghlana sin do chúadar ann sna mucaibh: agus do thuit an tréd a ndiáigh a gcinn ris an aill san bhfairge, (agus do bhádar timcheall dhá mhíle muc ann;) agus do múchadh íad ann sa bhfairge.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spioraide neamh‐ghlana amach, agus do chuadar isteach ins na mucaibh; agus do rith an tréad de ruathar síos le fánaidh isteach sa bhfairrge, fá thuairim míle dhíobh do bhí ann; agus do báthadh iad sa bhfairrge.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spridí neamhghlana amach, agus chuaigh siad isteach sna muca; agus i dtaca leis an tréad, a raibh tuairim is dhá mhíle muc ann, chuaigh siad de ruathar síos leis an bhfána ghéar agus amach san fharraige, agus bádh san fharraige iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach sa bhfarraige agus bádh sa bhfarraige iad.