Mark 5:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do aithin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúbhailce do chúaidh as, agus do fhill sé ar a tslúagh, agus a dubhairt sé, Cía bhean rém éuduighibh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do bhraith Íosa ann féin go raibh buaidh imthighthe amach as, agus d’iompuigh sé sa tsluagh, agus adubhairt, Cé bhain lem’ éadaighibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar mʼéadai?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach d' airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: «Cé bhain le mo chuid eádaigh?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dʼairigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé a bhain le mo chuid eádaigh?”