Mark 5:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus níor fhulaing sé neach ar bith dhá leanmhuin, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin dearbhráthair Shéumuis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus níor leig sé d’aoinneach teacht leis, acht Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearbhráthair Shéamais.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus níor lig sé ach do Pheadar agus Shéamas agus Eoin deartháir Shéamais a leanúint.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais.