Mark 5:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul a steach, a dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuil búaidhreadh oruibh, agus créd fá nguiltí? ni bhfúair an cailín bás, achd is na codladh a tá sí.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chuaidh sé isteach, adubhairt sé leo, Cad chuige an fothram agus an t‐árd‐ghol so? ní marbh atá an cailín, acht ’n‐a codladh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí sé istigh, dúirt sé leo, “Cad chuige an gleo agus an caoineadh? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”