Mark 5:43 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do aithin sé dhíobh do roighéur, gan a fhios so do thabhairt déanduine; agus a dubhairt sé ní do thabhairt don chailín ré a ithe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’órduigh sé go dian dóibh gan faisnéis ’n‐a thaobh do thabhairt d’aon duine: agus adubhairt sé rud le n’ithe do thabhairt dí.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼordaigh sé go dian dóibh gan insint faoi dʼaon duine, agus dúirt sé leo bia a thabhairt chuici.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.