Mark 6:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhradar dream eile, Gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, Gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do bhí daoine eile adubhairt, Is é Élias atá ann. Agus adubhairt daoine eile, Is fáidh atá ann, amhail duine de na fáidhibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dúirt dream eile, “Is é Elia é.” Agus deireadh dream eile fós, “Fáidh é, mar fháidh de na seanfháithe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt daoine eile: «Éilias atá ann.» Dúirt daoine eile: «Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”