Mark 6:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan tháinic an tsabbóid, do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh ann sa tsínagóig: agus do ghabh iongnadh mórán dá gcúalaidh é, ag rádh, Créd as a dtigid na neitheisi chum an fhirsi? agus créd í a neagna so tugadh dhó, ionnas go ndéuntar a leitheide so do shubhailcighibh tré na lámhuibh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig an tsabóid, do thosnuigh sé ar theagasc do dheanamh sa tsionagóig: agus tháinig iongnadh ar a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis, agus adubhradar, Cá bhfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugadh do’n fhear so, agus a rádh go ndéantar a leithéide d’oibreachaibh móra tré n‐a lámhaibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thosaigh sé ar theagasc sa tsionagóg lá na Sabóide; rud a chuir iontas ar a lán, a dúirt, “Cá bhfuair an duine sin seo uile? Cad í an eagna seo a bronnadh air? Cad é chomh mór leis na hoibreacha seo a lámh!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: «Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?