Mark 6:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do bhí eagla Eóin ar Iorúaith, ar mbéith a fheasa aige gur dhuine comhthrom náomhtha é, agus do choimhéd sé é; agus ar néisdeachd ris, do níodh sé mórán, agus do éisdeadh sé ris go toileamhail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir do bhí eagla ar Ioruath roimh Eoin, mar do bhí a fhios aige gurbh fhear fíreanta naomhtha é, agus do choimhéad sé slán é. Agus nuair d’éisteadh sé leis, do chuireadh sé buaidhirt aigne air, acht cheana d’éistfeadh sé leis go fonnmhar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Óir bhí eagla ar Iorua roimh Eoin, agus a dhea-fhios aige gurbh fhear naofa fíréan é, agus mar sin choinnigh sé sábháilte é. Bhíodh sé idir comhairle nuair a chluineadh sé é; ach dʼéisteadh sé leis go fonnmhar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.