Mark 6:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Tigidhsi ar leíth go hionad úaigneach, agus déunaidh suáimhneas támall beag: oír do bhádar mórán ag teachd agus ag imtheachd, agus ní fhúaradar am ar bhíadh a mháin dithe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Tagaidh‐se i leith go h‐áit uaignigh agus déanaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir do bhí a lán daoine ag teacht agus ag imtheacht, agus ní raibh sé d’uain aca fiú béile do chaitheamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall» óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “Tagaigí sibh-se go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall”–óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.