Mark 6:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc an slúagh íadsan ag imtheachd, agus do aithneadar móran eisean, agus do ritheadar dá gcois as na caithreachuibh uile ann sin, agus do bhádar rompasan, agus do chruinnigheadar chuigesion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigh a lán aca iad, agus do ritheadar d’á gcois amach as na bailtibh móra uile, agus do bhíodar ann rómpa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí mórán ann a chonaic ag imeacht iad agus a dʼaithin iad, agus chuaigh siad as na bailte uile de shiúl cos, go raibh siad ann rompu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d' aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus dʼaithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.