Mark 6:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul a mach Diósa, do chonnairc sé an slúagh mór, agus do ghabh trúaighe mhór dhóibh é, óir do bhádar mar cháorcha gan áodhaire aca: agus do thiónnsgain sé mórán do mhúnadh dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh an‐mhór, agus do ghabh truagh dhóibh é, óir do bhíodar amhail caoirigh gan aodhaire; agus do thosnuigh sé ar a lán neithe do mhúineadh dhóibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.