Mark 6:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngabháil na gcúig narán chuige agus an dá íasg, ar bhféachain súas ar neamh dhó, do bheannuigh sé, agus do bhris sé na haráín, agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum go gcuirfidís na bhfiadhnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrtha uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dó, do bheannuigh agus do bhris sé na bollóga; agus thug sé do na deisceablaibh iad le cur os cómhair a raibh ann; agus do roinn sé an dá iasc ortha go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼamharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.