Mark 6:48 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc sé íadsan ag cur sháothair ag iomradh; (oír do bhí an gháoth na naghuidh:) agus táinic sé chuca timcheall an ceathramhadh faire don oidhche, ag siobhal ar an bhfairge, agus do mheadhuigh sé dul thárrsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic sé iad ag iomramh, agus saothar mór ortha, (óir do bhí an ghaoth ’n‐a gcoinnibh), tháinig sé chuca i dtimcheall na ceathramhadh faire de’n oidhche, agus é ag siubhal ar an bhfairrge; amhail mar bhéadh sé ag gabháil tharsta:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an ceathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an cheathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu.