Mark 6:55 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ritheadar luchd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do thionnsgnadar na dáoine tinne diomchar ar leapthachuibh, dá gach áit na gcluindís eision do bheith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do rith na daoine tríd an tír sin ar fad, agus do thosnuigheadar ar na daoinibh breoite d’iomchur ar a leapthachaibh, go dtí gach áit ’n‐a gcloisidís é do bheith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bhí rith agus fuadar faoin gcomharsanacht uile agus daoine breoite á n‑iompar acu ar shráideoga go háit ar bith a raibh iomrá ar é a bheith ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é bheith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é a bheith.