Mark 6:56 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gidh bé bailte, nó caithreacha, no dúthaigh, an a ndeachuidh sé a sdeach, do chuirdís na dáoine tinne ar na sráidibh, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduigh a mháin: agus an mhéid do chumail ris fúaradar a slainte.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus níl áit ar bith dár tháinig sé, dá mba bhaile beag é, nó chathair mhór nó áit tíre, nach raibh daoine breoite fágtha ina luí acu i sráid an mhargaidh, agus iad ag cur impí air ligean dóibh méar a leagan ar chiumhais a bhrait-sean; agus níl duine dár bhain leis nár leigheasadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.