Mark 6:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do ghoir sé an dá fhear dhéug, agus do thionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cumhachda dhóibh ar na spioraduibh neamhghlana.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghlaodh sé chuige an dá‐réag, agus do thosnuigh sé ar a gcur amach ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus thug sé ceannas dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ghlaoigh sé an dáréag chuige, agus thosaigh sé ar a gcur amach ina mbeirteanna, agus ar chumhacht a thabhairt dóibh os cionn na spridí neamhghlana.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh dá gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.