Mark 7:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg, agus téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar nach dtéid sé isteach ’n‐a chroidhe, acht ’n‐a bholg, agus téid sé amach sa gcamra? ’g‐a chur i gcéill gur glan an uile shórt bidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar ní isteach ina chroí ach isteach ina ghoile a théas sé sin, agus imíonn sé leis go dtéann sé as” (Is amhlaidh a léirigh sé go bhfuil gach cineál bia glan ann féin.)
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?» (Sin mar a d' fhógair sé gach bia a bheith glan.)
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a dʼfhógair sé gach bia a bheith glan.)