Mark 7:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go críochaibh Thírus agus Shídon, agus ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfagháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh sé, agus d’imthigh sé go críochaibh Tuire agus Sídóine. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios do bheith ag aoinneach: acht níor fhéad sé é féin do cheilt.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼéirigh sé amach as sin gur imigh leis go ceantar Thiora agus Shiodóin. Agus chuaigh sé isteach i dteach, agus níor mhian leis a fhios a bheith ag aon duine; ach níor féadadh a cheilt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé chun siúil as sin agus d' imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé chun siúil as sin agus dʼimigh go críocha na Tuíre agus Shiodón. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.