Mark 7:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bean Ghréagach, ab eadh í, Sírofoiníseach de réir cinéil. Agus do chuir sí d’athchuinghe air an deamhan do dhibirt as a h‐inghin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois ba Ghréagach í an bhean sin, den chine Siro-Phéníseach, agus dʼiarr sí dʼimpí air an deamhan a chur amach as a hiníon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bean Ghréagach í, Sirifhéiníceach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.