Mark 7:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do sháithiughadh: oír ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgean chum na gcoiléun.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé léi, Bíodh a ndóthain ag an gclainn i dtosach: óir ni cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na gcoileán.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a dúirt sé léi, “Faigheadh an chlann a gcuid bia an chéad uair, óir níl sé ceart breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chuig na madraí.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé léi: «Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”