Mark 7:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan a nimtheachd, agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh sí abhaile chum a tighe, agus fuair sí an leanbh ’n‐a luighe ar an leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.