Mark 7:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd ón mhargadh, muna nionnlaid, ni ithid siád. Agus a táid móran do neithibh eile, do ghabhadar orra do choimhéud, már a tá níghe na gcopan, agus na bpotadh, agus na soightheach práis, agus na leabthath.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ar theacht ó’n margadh dhóibh, ní itheann siad, gan iad féin d’ionnladh: agus is iomdha sean‐ghnás eile tugadh dhóibh le cleachtadh, mar atá, na cupáin, agus na soighthigh umha, agus na leapthacha do nighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a thagas siad abhaile ó shráid an mhargaidh, ní chaitheann siad aon bhia go dtí go nglanann siad iad féin; agus is iomaí sin nós atá á choimeád acu, agus iad ag ní cupán agus corcán agus soithí cré-umha).
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupáin a ní agus corcáin agus soithí práis–