Mark 7:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhíafruigheadar na Phairisinigh agus na sgríobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobluilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe dhé, Cad chuige nach ngéilleann do dheisceabail‐se do shean‐ghnásaibh na seanóir, acht go n‐ithid arán le lámhaibh truaillighthe?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhiafraigh na Fairiséigh agus na scríobhaithe de, “Cad chuige nach leanann do dheisceabail de nós na seanóirí, ach ag caitheamh bia le láimh shalach?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
d' fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: «Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dʼfhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamh-ghlana?”