Mark 8:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tangadar na Phairisínigh a mach, agus do thionnsgnadar connspóid do chur air, ag íarruigh comhartha ó neamh air, dha theasdughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig na Fairisínigh amach, agus do thosnuigheadar ar chonspóideacht leis, ag iarraidh cómhartha ó neamh air, ’g‐á thriail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig na Fairiséigh agus thosaigh siad ar argóint leis, ag iarraidh comhartha ó neamh air, lena fhéachaint.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.