Mark 8:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndéunamh osna dhósan an a spioraid, a dubhairt sé, Créd fá níarrann an cineadh so comhartha? a deirim ríbh go fírinneach, Nach dtiobharthar comhartha don chineadh so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do leig sé osna ó íochtar a anma, agus adubhairt sé, Cad chuige do’n chinéal so bheith ag iarraidh cómhartha? Go fírinneach adeirim libh, Ní tabharfar aon chómhartha do’n chinéal so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tharraing sé osna mór ina spiorad, agus dúirt sé, “Cad chuige a n‑iarrann an ghlúin seo comhartha? Deirim i bhfírinne libh nach dtabharfar comhartha don ghlúin seo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.”