Mark 8:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ná áithne sin Díosa, a dubhairt sé ríu, Créd do bheir ag diosbóireachd sibh, ar son nach bhfuilid aráin aguibh? a né nach fios díbh fós, agus nach dtuigthí? an bhfuilid croidheadh crúaidhe aguibh fos?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí a fhios ag Íosa, adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil sibh ag diospóireacht toisc gan arán do bheith agaibh? an é nach bhfeiceann sibh, agus nach dtuigeann sibh fós? an bhfuil bhúr gcroidhe dúr fós?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug Íosa faoi deara é, agus dúirt sé leo, “Cad chuige a luann sibh díth an aráin sin agaibh? Nach bhfuil tabhairt faoi deara ná tuiscint agaibh fós? An bhfuil bhur gcroíthe calctha? Nach bhfeiceann sibh leis na súile atá in bhur gcinn, agus nach gcluineann sibh leis na cluasa atá oraibh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr?