Mark 8:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tan do bhrís me na cúig aráin ar na cúig mhíle, ga mhéud clíabh lán do bhíadh brisde do thógabhair? A deiridsean ris, Dhá chlíabh dhéug.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair do bhriseas na cúig bollóga do’n chúig míle duine, cá mhéid ciseán do thógabhar de’n bhiadh briste? Adubhradar‐san leis, Dhá chiseán déag.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a roinn mé na cúig bhuilín aráin ar an gcúig mhíle duine, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “A dó dhéag,” ar siadsan leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
nuair a bhris mé na cúig builíní don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?» Dúirt siad: «Dhá cheann déag.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
nuair a bhris mé na cúig bhuilín don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?” Dúirt siad: “Dhá cheann déag.”