Mark 8:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Na dhíaigh sin, do chuir sé a lámha a rís ar a shúilibh, agus tug sé fá deara dhó a shúile do thógbhail súas: agus do haiseagadh a radharc dhó, agus do chonnairc sé cách uile go soilléir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do chuir sé a lámha arís ar a shúilibh, agus d’fhéach seisean suas, agus do bhí sé leigheasta, agus do chonnaic sé gach nidh go soiléir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir sé a lámha os cionn aʼ shúile arís ansin; agus dʼfhéach sé go grinn, agus tugadh a amharc dó arís, agus dʼfheiceadh sé gach aon ní go soiléir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní.