Mark 8:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, agus éirghe a rís a gcionn trí lá.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thosnuigh sé ar a innsint dóibh, go gcaithfeadh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe chum báis é, agus go n‐éireochadh sé tar éis trí lá.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thosaigh sé ar theagasc dóibh go gcaithfeadh Mac an duine mórán nithe a fhulaingt, agus na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe ag diúltú dó, agus go gcuirfí chun báis é, agus go n‑éireodh sé arís tar éis trí lá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thosaigh sé dá theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.